The President of the Royal Irish Academy, Michael Peter Kennedy, invites you to the launch of Corpas na Gaeilge, 1600-1926 by Minister of State, with responsibility for Gaeilge, Gaeltacht and the Islands, Joe McHugh.
Seo thíos cuireadh chuig seoladh Corpas na Gaeilge 1600-1926 in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an Máirt 24 Deireadh Fómhair 2017 ag 5:30 i.n.
Tá áthas orainn leagan méadaithe feabhsaithe de Chorpas Stairiúil na Gaeilge a chur ar fáil ar líne don phobal, saor in aisce den chéad uair riamh.
Sa Chorpas nua seo, is féidir cuardach a dhéanamh ar c.19 milliún focal de théacsanna stairiúla Gaeilge, ón tréimhse 1600 anall go dtí 1926, nó do rogha téacs ón tréimhse sin a léamh nó a íoslódáil.
- Cuimsíonn an Corpas tuairim is 3,000 téacs, idir fhilíocht, phrós agus thréimhseacháin
- Is féidir trí chineál cuardaigh a dhéanamh: meaitseáil chruinn, leagan caighdeánaithe, nó cuardach bunaithe ar an leama féin
- Is féidir teorainn dáta a chur le do chuardach más fearr tréimhse níos giorra a chuardach
- Is féidir torthaí a léamh ina gcomhthéacs dílis féin sa téacs ina bhfuil siad
Tá súil againn go mbeidh tú ábalta freastal ar an seoladh, nuair a sheolfar go hoifigiúil an Corpas agus suíomh idirlín nua an tionscadail seo.
Please RSVP e.nimhearrai@ria.ie by 20 October 2017.